Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 2:16

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhí gach uile fhear cogaidh sciobtha ag an mbás ó lár an phobail,

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Ní rabhadar imithe ach tamall beag ón cathair nuair a dúirt Iósaef lena reachtaire: “Bí amuigh,” ar sé, “agus lean na fir sin! agus nuair a thiocfaidh tú suas leo abair leo: ‘Cad chuige daoibh an t‑olc a dhéanamh in aghaidh na maitheasa? [Cad chuige gur ghoid sibh mo chorn airgid?]

Aon duine a théann i ngar do thaibearnacal an Tiarna le hofráil, gheobhaidh sé bás. An é an bás atá i ndán dúinn go léir?”

Anois mhair ár seachrán ó d'fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d'fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh.

Sé cúis gur thimpeallghearr Iósua iad ná seo: na fireannaigh go léir ar an bpobal a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, fuaireadar bás san fhásach ar an tslí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt amach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí