Thángadar go dtí Gleann Eisciol agus ghearradar craobh fíniúna ann le crobhaing caor; thug beirt acu leo í ar chuaille eatarthu; thugadar leo chomh maith pomagránaití agus figí.
Chuireadar chun bealaigh uaidh sin agus shuíodar a gcampa lastall den Arnón. Tosaíonn an gleann fásaigh seo i gcríocha na nAmórach. Óir sí an Arnón teorainn Mhóáb, idir Móáb agus na hAmóraigh.
Bhí cónaí ar na Hóraigh leis i Saeír tráth, ach chuir clann Éasau as seilbh iad; dhíothaigh siad as a slí iad, agus lonnaíodar ina n‑áit, faoi mar a rinne Iosrael ina dtír féin, an oidhreacht a thug an Tiarna dóibh.)
Anois mhair ár seachrán ó d'fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d'fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh.