Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 19:8

An Bíobla Naofa 1981

agus má chuireann an Tiarna do Dhia breis le do chríocha, faoi mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha, agus go dtugann sé duit an tír go léir a gheall sé a thabhairt do d'aithreacha -

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.

agus go mbíodh ríthe cumhachtacha i réim in Iarúsailéim agus ceannas acu ar an gcúige thar Eofrataes go léir, agus go ndéanaidís cánacha agus custaim agus táillí a thobhach,

Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.

Nuair a bheidh na ciníocha díbeartha agam romhat, agus fairsinge curtha agam le do chríocha, ní shantóidh aon duine do dhúiche, má thagann tú i láthair an Tiarna do Dhia trí huaire sa bhliain.”

“Nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia do thailte a mhéadú mar a gheall sé duit, agus a déarfaidh tusa: ‘beidh greim feola agam,’ má bhíonn fonn feola ort, ní cás duit oiread feola agus is maith leat a ithe.

Seo é m'ordú duit dá bhrí sin: Cuir trí chathair ar leithrigh,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí