Ní ceadmhach d'fhear an éiric fola dul sa tóir ar an marfóir le barr feirge, agus teacht suas leis toisc fad an bhóthair agus goin mharfach a chur ann; óir níor thuill an duine sin bás ós rud é nach raibh sé in earraid lena chomharsa roimhe sin.
agus má chuireann an Tiarna do Dhia breis le do chríocha, faoi mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha, agus go dtugann sé duit an tír go léir a gheall sé a thabhairt do d'aithreacha -
“Thug mé an t‑ordú seo daoibh an uair sin: ‘Thug an Tiarna bhur nDia an tír seo in bhur seilbh daoibh; ní foláir do bhur lucht gaile go léir airm a ghlacadh agus dul anonn ar cheann bhur mbráithre, clann Iosrael.