Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 19:5

An Bíobla Naofa 1981

téann duine, abair, isteach sa choill lena chomharsa ag gearradh adhmaid; tugann sé faoi chrann leis an tua ina láimh; sleamhnaíonn an ceann den tsáfach agus buaileann sé a chomharsa agus maraíonn sé é - is féidir dó teitheadh go dtí ceann de na cathracha sin agus teacht slán.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

agus chuaigh sé leo. Nuair a tháinig siad chun na Iordáine ghearradar anuas crainn

Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.

is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa, amhail srutháin uisce i dtalamh tirim, amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta.

agus an marfóir a shaoradh ar an gcuma sin ó láimh an díoltach fola. Cuirfidh an comhthionól ar ais é go dtí an chathair thearmainn mar ar theith sé; fanadh sé ansiúd go bhfaighe an t‑ardsagart a ungadh leis an ola choisricthe bás.

Seo mar is féidir do dhuine a anam a bhreith leis ach teitheadh iontu: Má mharaíonn duine a chomharsa trí thaisme, agus gan é in earraid leis roimhe sin -

Ní ceadmhach d'fhear an éiric fola dul sa tóir ar an marfóir le barr feirge, agus teacht suas leis toisc fad an bhóthair agus goin mharfach a chur ann; óir níor thuill an duine sin bás ós rud é nach raibh sé in earraid lena chomharsa roimhe sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí