Bíodh na bealaí chucu i ndea-ghléas agat agus roinn ina thrí coda achar na gcríoch a thugann an Tiarna do Dhia i do sheilbh duit sa chaoi a bhféadfaidh marfóir ar bith teitheadh chucu.
Beidh bealach mór agus bóthar ansin a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe; ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin, ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.
Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha!
Seo mar is féidir do dhuine a anam a bhreith leis ach teitheadh iontu: Má mharaíonn duine a chomharsa trí thaisme, agus gan é in earraid leis roimhe sin -
“Bhí an Tiarna i bhfearg liom de bhur gcionnsa, agus mhionnaigh nach rachainn thar an Iordáin anonn, ná nach rachainn isteach san fhearann fónta atá á thabhairt mar oidhreacht daoibh ag an Tiarna bhur nDia.