Bíodh na bealaí chucu i ndea-ghléas agat agus roinn ina thrí coda achar na gcríoch a thugann an Tiarna do Dhia i do sheilbh duit sa chaoi a bhféadfaidh marfóir ar bith teitheadh chucu.
“Thug mé an t‑ordú seo daoibh an uair sin: ‘Thug an Tiarna bhur nDia an tír seo in bhur seilbh daoibh; ní foláir do bhur lucht gaile go léir airm a ghlacadh agus dul anonn ar cheann bhur mbráithre, clann Iosrael.
Dá bharr sin tá dhá rud do-athraithe againn anois nach féidir do Dhia bréag a dhéanamh iontu. Tugann siad sólás mór dúinne atá tar éis teitheadh linn chun greim a bhreith ar na nithe a chuirtear mar ábhar dóchais romhainn.