“Má thagann Léivíteach as aon cheann de do bhailte in Iosrael go léir mar a bhfuil cónaí air - agus ní cás dó teacht nuair is maith leis - chun na háite a thoghfaidh an Tiarna,
Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna; bím ag tnúth leis de shíor: go gcónóidh mé in áras an Tiarna gach lá de mo shaol; go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna ‘s go bhfeicfidh mé a theampall.
Lasmuigh den chathair déanaigí dhá mhíle banlámh a thomhas lastoir, agus dhá mhíle banlámh laisteas, agus dhá mhíle banlámh laistiar, agus dhá mhíle banlámh lastuaidh, agus an baile i lár baill; bíodh sin ina thalamh féaraigh ag na cathracha seo.
Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.
ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.
Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,