Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 18:5

An Bíobla Naofa 1981

Óir thogh an Tiarna do Dhia é as do threibheanna go léir le seasamh i láthair an Tiarna do Dhia, chun cúraimí na seirbhíse diaga a dhéanamh, chun ainm an Tiarna a bheannú - sea eisean agus a chlann mhac ina dhiaidh go brách.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

agus fillfidh tú criosanna umpu agus cuirfidh tú boinéid orthu, agus beidh an tsagartacht acu de bhíthin reachta shíoraí. Mar sin a oirneoidh tú Árón agus a mhaca.”

agus dúirt le Corach agus lena lucht leanúna go léir: “Ar maidin amárach, nochtfaidh an Tiarna cé is leis, agus cé hé an duine coisricthe a scaoilfidh sé ina chóngar. An té a scaoilfidh sé ina chóngar, sin é an té a thogh sé.

agus beidh sé in chonradh sagartachta síoraí aigesean agus ag a shliocht dá éis, óir bhí dúthracht aige i mbun a Dhé, agus rinne sé leorghníomh do phobal Iosrael.’ ”

Cláraigh Árón agus a chlann mhac agus déanaidís a ndualgais sagairt a chomhlíonadh; ach má thagann aon duine eile i ngar, cuirtear chun báis é.”

Ansin is ea a roghnaigh an Tiarna treibh Léiví chun áirc chonradh an Tiarna a iompar, chun seasamh i láthair an Tiarna, chun fónamh dó, agus chun a ainm a bheannú mar a dhéanann siad go dtí inniu féin.

Má leomhaíonn aon duine gan aird a thabhairt ar an sagart atá ansiúd ag déanamh seirbhíse don Tiarna do Dhia, nó ar an mbreitheamh, ní foláir é a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó Iosrael ar an gcuma sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí