Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 18:3

An Bíobla Naofa 1981

An méid seo leanas is dual do na sagairt ón muintir a ofrálann damh nó caora mar íobairt: an ghualainn, an dá phluc, agus an goile;

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Agus déanfaidh tú ucht an ofráil dhleachta a choisreacan, mar aon leis an gceathrú ó chuid ar leith na sagart, rud a ofrálfar ó reithe an insealbhaithe, óir is d'Árón agus dá mhic an méid sin.

Beidh sé ag Árón agus ag a mhic mar cháin shíoraí ó chlann Iosrael; óir is é mír na sagart é, a ofrálfaidh clann Iosrael óna n‑íobairtí síochána; is é a n‑ofráil don Tiarna é.”

Tar éis don ghrian dul faoi, bíodh sé glan agus ní miste dó na nithe naofa a ithe ós iad is beatha dó.

Is leat mar an gcéanna cibé ní a chuirtear i leataobh d'ofrálacha chlann Iosrael a chuirtear i láthair mar dhleacht; tugaim é sin duitse agus do do mhic agus do d'iníonacha, trí reacht síoraí. Ní cás do gach duine glan i do theach é a ithe.

Togha na hola, togha an fhíona agus na cruithneachta, na céadtorthaí a bhronnann siad ar an Tiarna, tugaim duit iad.

Ofráil d'íobairtí uileloiscthe, idir fheoil agus fhuil ar altóir an Tiarna do Dhia; i d'íobairtí, ní foláir an fhuil a dhoirteadh ar altóir an Tiarna do Dhia, ach is ceadmhach duit an fheoil a ithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí