Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 18:1

An Bíobla Naofa 1981

“Ní bheidh aon chuid ná oidhreacht le hIosrael ag na sagairt Léivíteacha, treibh Léiví, is é sin. Mairfidh siad ar na hofrálacha bia don Tiarna agus ar na nithe is dual dó.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.’ ”

Ní bheidh aon oidhreacht acu; mise a n‑oidhreacht. Ní thabharfaidh sibh aon ghabháltas dóibh in Iosrael; mise a ngabháltas.

Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Ní bheidh aon oidhreacht agat ina bhfearann, ná ní bheidh seilbh agat ar aon chuid de ina measc. Mise do chuid ranna agus d'oidhreacht i measc chlann Iosrael.

Cláraíodh trí mhíle fichead fireannach ar fad d'aois mí nó breis; níor áiríodh iad le clann Iosrael mar nach bhfuaireadar oidhreacht i measc chlann Iosrael.

Tá Léiví dá bhrí sin gan páirt na oidhreacht lena bhráithre; an Tiarna a oidhreacht, faoi mar a gheall an Tiarna do Dhia dó.)

Fad is beo duit i do thír, seachain agus ná déan faillí sa Léivíteach.

Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.

Do threibh Léiví amháin níor thug Maois aon oidhreacht; an Tiarna, Dia Iosrael, a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.

Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí