Nuair a bhíonn aighneas eatarthu, tagann siad chugamsa agus réitímse na heasaontais idir duine agus a chomharsa agus tugaim teagasc dóibh i dtaobh reachtanna Dé agus a bhreithiúnais.”
I gcás gach feall ar iontaoibh, maidir le damh nó asal nó caora, nó éadach, nó aon ní a fuarthas caillte dá nduradh faoi ‘seo é’, tagadh cúis na beirte os comhair Dé; an té ar a dtabharfaidh Dia daorbhreith, caithfidh sé dúbailt a íoc leis an duine eile.
“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”
Tabharfaidh siad breithiúnas in imreas, breithiúnas a bheidh de réir mo reachtanna; comhlíonfaidh siad mo reachtanna agus mo dheasghnátha ag m'fhéilte cinnte uile. Coinneoidh siad mo shabóidí naofa.
“Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Má shiúlann tú de réir mo bhealaí, agus m'aitheanta a choimeád, is tusa a riarfaidh mo Theampall agus a chosnóidh mo chúirteanna, agus tabharfaidh mé cead duit caidreamh a dhéanamh leo siúd atá ina seasamh anseo.
agus chun an cheist seo a chur ar shagairt Theampall Thiarna na Slua agus ar na fáithe: “An gcaithfidh mé caoineadh agus troscadh a dhéanamh go fóill sa chúigiú mí faoi mar atá á dhéanamh agam leis an oiread sin blianta anuas?”
Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.
“Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.
Ní foláir duit déanamh de réir na breithe a thabharfaidh siad duit san áit úd a thoghfaidh an Tiarna; déan go beacht de réir a dtreoracha go léir duit.
Agus tagadh clann mhac Léiví, na sagairt, i láthair mar thogh an Tiarna do Dhia iad le fónamh dó agus le beannú in ainm an Tiarna, agus is é a ngnó gach cás aighnis agus foiréigin a réiteach le breith a mbéil.
“Má bhíonn aighneas idir daoine agus go dtéann siad chun cúirte agus go dtugann na breithiúna breith eatarthu agus a fhógairt an ceart a bheith ag an té a bhíonn sa cheart, agus an éagóir a bheith ag an té a bhíonn san éagóir,
Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób, agus do dhlí do Iosrael. Seolann siad túis i do láthair, agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d'altóir.