Ní ceadmhach duine a chur chun báis ach ar fhianaise bheirt nó triúr finné; ní ceadmhach duine a chur chun báis ar fhianaise aon fhinné amháin.
i gcás gach marú is ar fhianaise finnéithe nach foláir an marfóir a chur chun báis; ní chuirfear aon duine chun báis ar fhianaise duine aonair.
Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat;
“An dtugann ár ndlí breith ar aon duine gan éisteacht a thabhairt dó ar dtús agus a fháil amach cad tá sé a dhéanamh?”
Is é seo an tríú huair agam ag teacht chugaibh. “Deimhneofar gach scéal ar fhocal a dó nó a trí d'fhinnéithe.”
“Ní leor aon fhinné amháin chun duine a dhaoradh i bpeaca nó i gcoir d'aon sórt a rinne sé; cibé coir a bhíonn i gceist is gá fianaise bheirt fhinné nó triúr chun aon chúis a dhearbhú.
Nuair a chuirtear coir i leith seanóra, ná géillse dó ach amháin ar fhocal a dó nó a thrí d'fhinnéithe.
Aon duine a bhriseann dlí Mhaois cuirtear chun báis é gan trócaire ar fhianaise beirte nó triúir.