Deotranaimí 17:5An Bíobla Naofa 1981tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha. Féach an chaibidil |
Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.
Ach dúirt Ióáis leis an muintir go léir a bhí cruinnithe ina aghaidh: “An bhfuil fonn oraibh aighneas a dhéanamh ar mhaithe le Bál, agus seasamh leis? (Aon duine a dhéanfaidh aighneas ar mhaithe le Bál, cuirtear chun báis é roimh mhaidin.) Más dia é, déanadh sé a chuid aighnis dó féin, ós rud é gur scriosadh a altóir.”