Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 17:4

An Bíobla Naofa 1981

agus go bhfaigheann tú faisnéis air, ansin déan an scéal a fhiosrú go beacht; más fíor é go dearfa go ndearnadh a leithéid de rud gráiniúil in Iosrael,

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Rún a cheilt glóir Dé, ach é a ransú go grinn glóir ríthe.

“An dtugann ár ndlí breith ar aon duine gan éisteacht a thabhairt dó ar dtús agus a fháil amach cad tá sé a dhéanamh?”

ní foláir duit go cinnte an claíomh a imirt ar áitritheoirí na cathrach sin uile agus an chathair a scrios ó bhonn, agus idir áitritheoirí agus stoc go léir a mharú le faobhar claímh.

agus a théann ag déanamh seirbhíse do dhéithe eile ag adhradh dóibh - nó don ghrian nó don ghealach nó do cheann de shluaite neimhe, rud a choisc mé,

tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha.

Déanadh na breithiúna fiosrú go mion, agus más amhlaidh gur finné bréige an finné agus gur thug sé fianaise bhréige in aghaidh a bhráthar,

Ach más fíor é agus má dheimhnítear nach bhfuarthas comharthaí maighdeanais na mná óige,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí