Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.
Nuair is ainmhí dall a ofrálann sibh ina íobairt dom, nach olc an mhaise daoibh é? Nuair a ofrálann sibh beithíoch atá bacach breoite dom, nach olc an mhaise daoibh é sin chomh maith? Tairg do do ghobharnóir é. An mbeidh sé sásta leat? Nó, an bhfáilteoidh sé romhat go caoin? a deir Tiarna na Slua.
Ní foláir daoibh a ofráil mar íobairt uileloiscthe don Tiarna, mar chumhracht thaitneamhach: tarbh óg, reithe, seacht dtogha uain bhliana fhireanna gan mháchail.
ní ceadmhach dá céad fhear, a chuir uaidh í, í a ghlacadh ar ais anois mar bhean ós rud é gur truaillíodh í ar an gcuma seo. Óir is fuath leis an Tiarna é sin agus ná tabhair ciontacht ar an tír a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht.
Loisc íomhánna snoite a ndéithe, gan dúil a chur san airgead ná san ór a chlúdaíonn iad, ná é bhreith leat duit féin le heagla go mba ghaiste duit é, óir is gráin leis an Tiarna do Dhia é.
Más ea, nach bhfuil fuil Chríost níos cumhachtaí go mór ná é sin? Óir de bharr a spioraid bhuanmharthanaigh d'ofráil Íosa é féin chun Dé ina íobairt gan smál. Glanfaidh sé bhur gcoinsias ó pheacaí marfacha ionas go mbeidh sé ar bhur gcumas seirbhís a dhéanamh do Dhia beo.