Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 16:9

An Bíobla Naofa 1981

“Áirigh seacht seachtainí agus tosaigh ar na seacht seachtainí a chomhaireamh ón uair ina gcuireann tú do chorrán buana san arbhar sa ghort.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

mar a d'éiligh dualgas gach lae, ag ofráil de réir aithne Mhaois do na sabóidí, na réanna nua, na trí féilte bliantúla - féile an aráin gan ghabháile, féile na seachtainí, agus féile na dtaibearnacal.

Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair - nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt - agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt.

Ceiliúir Féile na Seachtainí, Féile Chéadtorthaí fómhair na cruithneachta, agus Féile Chlabhsúr an Fhómhair i ndeireadh na bliana.

Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair.

Fanfaidh mé in Eifeasas go Cincís,

Ansin déan féile na Seachtainí a cheiliúradh don Tiarna do Dhia le hofráil dheonach a thoirbhirt ó do láimh de réir bheannacht an Tiarna ort.

“Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna,

Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n‑imeoimis le sruth.

D'fhan sí le meitheal Bhoaz dá bhrí sin ag díolaim go dtí go raibh an clabhsúr acu ar fhómhar na heorna agus na cruithneachta. Bhí sí ag cur fúithi le máthair a céile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí