Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 16:7

An Bíobla Naofa 1981

Déan í a bhruith agus a ithe san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia; ar maidin fill ar ais agus téigh chun do bhothanna.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc riamh in onóir an Tiarna i Iarúsailéim ach amháin san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí.

Rinne siad an Cháisc a róstadh leis an tine de réir mar a bhí leagtha síos; agus bhruith siad an bia naofa i gcoirí, i bpotaí, i gcorcáin, agus d'iompair iad ar an toirt chun na dtuataí go léir.

Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.

Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.

Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige.

ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.

Déan cáisc a íobairt don Tiarna do Dhia as do tháin nó as do thréad san áit a thoghfaidh an Tiarna mar áitreabh dá ainm.

ach san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia le bheith mar áitreabh ag a ainm is ea atá íobairt na Cásca le hofráil agat, um thráthnóna, le dul faoi na gréine, faoin am a tháinig tú amach as an Éigipt.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí