Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé d'acmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.
Má bhíonn an duine róbhocht chun do luacháil a íoc, tugadh sé an té a bhíonn i gceist i láthair an tsagairt, agus déanadh an sagart luach a leagan de réir acmhainne an té a thug an mhóid.
“Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna,
“Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.