Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth - sibhse na gintlithe ó dhúchas a raibh “lucht an fhorchraicinn” mar ainm oraibh ag an dream a thugadh “lucht an timpeallghearrtha” orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn.
Déan an fhéile a cheiliúradh don Tiarna do Dhia ar feadh seacht lá san áit a thoghfaidh an Tiarna; óir cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i do fhómhar go léir agus i saothar do lámh go léir, i dtreo go mbeidh tú lán d'áthas.
Cuimhnigh go raibh tú féin i do sheirbhíseach i dtír na hÉigipte agus go dtug an Tiarna do Dhia amach as siúd thú le láimh láidir agus le géag ar tinneall; uime sin d'aithin an Tiarna do Dhia duit an tsabóid a choimeád.