Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 15:6

An Bíobla Naofa 1981

Má bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú mar a gheall sé, tabharfaidh tú iasacht dá lán ciníocha, ach iasacht ní thógfaidh tú féin; beidh tú i gceannas ar a lán ciníocha, ach cine ní bheidh i gceannas ort féin.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Deonaigh mar sin teaghlach do shearbhónta a bheannú, ionas go mairfeadh sé go deo i do láthair. Óir gach ar a gcuireann tú do bheannacht, bíonn beannacht air go deo.”

Bhí sé i gceannas ar na ríthe go léir ón Eofrataes go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte.

agus go mbíodh ríthe cumhachtacha i réim in Iarúsailéim agus ceannas acu ar an gcúige thar Eofrataes go léir, agus go ndéanaidís cánacha agus custaim agus táillí a thobhach,

Uime sin rinne tú iad a thabhairt i lámha naimhde, Agus rinne siadsan géarleanúint orthu, i laethanta a ngéarleanúna ghlaoigh siad ort Agus thug tú cluas dóibh ó na flaithis. Le barr trócaire thug tú slánaitheoirí dóibh A d'fhuascail iad ó lámha a naimhde.

Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid; riarann sé a ghnó go ceart onórach.

Ní aisíocann an t‑éagráifeach a iasacht, ach tugann an fíréan uaidh go flaithiúil.

Bíonn sé fial i gcónaí; tugann sé iasacht uaidh, agus beannófar a shliocht dá éis.

Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán, agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.

Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.

ach ar an gcoinníoll seo amháin, go dtabharfaidh tú aird ar ghlór an Tiarna do Dhia agus go gcoimeádfaidh tú na haitheanta uile a aithním duit inniu le barr cáiréise.

Beidh tú faoina smacht, ní bheidh seisean faoi do smachtsa. Eisean a bheidh ina cheann, agus tusa i d'eireaball.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí