Seo é an sórt fuascailte atá le déanamh: gach creidiúnaí a mbíonn comharsa leis faoi bhannaí aige, scaoileadh sé saor é; ní féidir dó íocaíocht a éileamh ar a chomharsa ná ar a bhráthair nuair a ghoirtear ar fhuascailt an Tiarna.
Ní miste duit ús a éileamh ar iasacht do choimhthíoch, ach ná héiligh ús ar iasacht do do dheartháir, i dtreo go gcuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i ngach a ndáileann do lámh sa tír atá tú le dul isteach ann agus a shealbhú.