Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 15:2

An Bíobla Naofa 1981

Seo é an sórt fuascailte atá le déanamh: gach creidiúnaí a mbíonn comharsa leis faoi bhannaí aige, scaoileadh sé saor é; ní féidir dó íocaíocht a éileamh ar a chomharsa ná ar a bhráthair nuair a ghoirtear ar fhuascailt an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

De bheachtnithe: Ní thabharfaimid ar n‑iníonacha le posadh do phór an tíre, ná ní thógfaimid a n‑iníonacha mar mhná dár mic.

“Cad chuige ár dtroscadh mura bhfeiceann tusa é, ár gcrá anama, mura dtugann tú aird air?” Ach bhur laethanta troscaidh bíonn gnóthaí ar siúl agaibh, bíonn sibh ag tromaíocht ar bhur n‑oibrithe go léir.

agus maith dúinn ár bhfiacha, mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin;

Nuair nach raibh an t‑íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?”

“Ag deireadh gach seachtú bliain déan fuascailt.

Ní cás duit íocaíocht a éileamh ar an eachtrannach, ach maith cibé éileamh atá agat ar do bhráthair.

Thug Maois an aithne seo dóibh: “Ag deireadh gach seacht mbliana, ag an am ceaptha don fhuascailt, ag féile na dTaibearnacal,

Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí