Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 14:7

An Bíobla Naofa 1981

Díobh siúd áfach a chognaíonn an chíor nó a scoilteann an chrúb go ladhrach, ní ceadmhach daoibh iad seo leanas a ithe: an camall, an míol maí, agus an coinín, mar, fág go gcognaíonn siad an chíor, ní scoilteann siad an chrúb; bídís neamhghlan agaibh.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Aon ainmhí a scoilteann an chrúb á roinnt ina dhá leath, agus a chognaíonn an chíor.

an broc carraige, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh mar nach scoilteann sé an chrúb;

agus an giorria, fág go gcognaíonn sé an chíor, bíodh sé neamhghlan agaibh, mar nach scoilteann sé an chrúb;

“Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh:

Is ceadmhach daoibh aon ainmhí a scoilteann an chrúb go ladhrach agus a chognaíonn an chíor a ithe.

Mar an gcéanna leis an muc - fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach.

Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachainse a leithéidí.

Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí