Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 14:3

An Bíobla Naofa 1981

“Ná hith aon ní gráiniúil.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Beir leat de na hainmhithe glana seacht gcúpla, an fireann agus an baineann, de gach cineál; agus de na hainmhithe neamhghlana cúpla, fireannach agus baineannach;

ag gnáthú uaigheanna agus ag faire go maidin i gcúinní dorcha, ag ithe feoil mhuice agus súlach salachair ina gcoirí acu.

Ansin dúirt mise: “Féach, a Thiarna Dia, níor thruailligh mise m'anam; ó m'óige aníos níor ith mé aon rud a d'éag uaidh féin ná aon rud a stróiceadh ag ainmhithe; níor tháinig feoil thruaillithe i mo bhéal ach oiread.”

“Labhraigí le clann Iosrael agus abraigí: Seo iad na dúile beo is ceadmhach daoibh a ithe de ainmhithe na talún:

Ná déanaigí sibh féin gráiniúil leis na míola snáfacha sin go léir; ná truailligí sibh féin leo; na truaillítear sibh tríothu.

Uime sin ní foláir daoibh an t‑ainmhí glan a scaradh ón neamhghlan, an t‑éan neamhghlan ón nglan. Ná truailligí sibh féin le hainmhithe ná le héin, ná le haon ní dá snámhann ar an talamh dár chuir mé i leataobh le bheith neamhghlan agaibh.

Is eol dom agus táim deimhin de sa Tiarna Íosa nach neamhghlan ní ar bith ann féin; ach má chreideann duine go bhfuil rud neamhghlan is neamhghlan dó sin é.

Má deir duine éigin libh áfach: “Is bia íobartha é seo,” ná caithígí an bia sin, ar mhaithe leis an té a chuir in iúl daoibh é agus ar mhaithe leis an gcoinsias -

Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí