Tháinig siad ansin go Iarúsailéim. Ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall a thiomáint amach; leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht colmáin a dhíol;
Má bhíonn an t‑aistear rófhada duit, agus mura féidir duit - nuair a bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú - do dheachú a bhreith ann mar go bhfuil an áit a thoghann an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm, rófhada ó bhaile,
caith an t‑airgead ar do rogha rud ansiúd - daimh, nó caoirigh, nó fíon nó deoch chrua, nó cibé ní is mian leat; ith ansiúd i láthair an Tiarna do Dhia, agus bíodh lúcháir ort féin agus ar do theaghlach.