Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 14:24

An Bíobla Naofa 1981

Má bhíonn an t‑aistear rófhada duit, agus mura féidir duit - nuair a bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú - do dheachú a bhreith ann mar go bhfuil an áit a thoghann an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm, rófhada ó bhaile,

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.

Aon áit ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, beidh sé in bhur seilbh; sínfidh bhur gcríocha ón bhfásach agus ón Liobáin, ón abhainn, ó abhainn an Eofrataes go dtí an Mhuir Thiar.

Má bhíonn an áit a thoghann an Tiarna do Dhia lena ainm a chur ann rófhada ó bhaile, is ceadmhach duit ainmhí den táin nó den tréad a thug an Tiarna duit a mharú mar a d'aithin mé duit; ní cás duit oiread agus is áil leat a ithe i do bhailte.

ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.

ansin malartaigh an deachú ar airgead, agus beir greim docht i do láimh ar an airgead agus téigh chun na háite a thogh an Tiarna do Dhia;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí