Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 13:7

An Bíobla Naofa 1981

de na déithe leis na ciníocha máguaird ort ó chéin nó ó chóngar, ó cheann ceann na cruinne,

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb, mar gur thug a mháthair drochchomhairle dó.

Ansin gach uile fhear dá raibh a fhios aige gur loisc a bhean chéile túis do dhéithe eachtrannacha, agus an uile bhean dár sheas ina bhfochair, comhthionól mór (mar aon leis na daoine uile a chónaíonn i bPatros, i dtír na hÉigipte), d'fhreagair siad Irimia, á rá:

Dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg ceannairí uile an phobail, agus caith le faill i lár an lae ghéigil ghil i bhfianaise an Tiarna iad; ansin iompóidh cuthach feirge an Tiarna ó Iosrael.”

“Má dheanann do dheartháir, mac [d'athar nó] do mháthar, nó do mhac, nó d'iníon, nó do mhuirnín mná, nó do chara cléibh, thú a mhealladh faoi choim á rá: ‘Téanam agus déanaimís seirbhís do dhéithe eile’ (nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha),

ná géill dó, ná tabhair aird air, agus ná bíodh trua ná taise agat dó; ná déan anacal air agus ná cuir i bhfolach é,

Ná lean déithe eile, déithe na ndaoine máguaird oraibh.

Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí