Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 12:8

An Bíobla Naofa 1981

“Ná déanaigí mar a dhéanaimid anseo inniu, gach duine ag déanamh mar is áil leis féin.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

D'fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin, ach meánn an Tiarna an croí.

Ar thairg sibh íobairtí agus ofrálacha dom ar feadh an daichead bliain san fhásach, a theach Iosrael?

Bíodh an scothóg agaibh dá bhrí sin le féachaint uirthi le haitheanta uile an Tiarna a chur i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad más ea agus ná leanaigí mianta bhur gcroí agus bhur súl a thuilleadh, óir sheoladar sibh ar bhealach an striapachais.

Ach d'iompaigh Dia uathu agus lig dóibh adhradh a thabhairt do na ranna neimhe de réir mar atá scríofa i leabhar na bhfáithe: ‘Ní domsa a thug sibh tíolacthaí agus íobairt ar feadh daichead bliain san fhásach, a theaghlach Iosrael;

Ansiúd a íosfaidh sibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus a dhéanfaidh sibh lúcháir de bharr gach ar thoirbhir bhur lámha, sibh féin agus bhur muintir, faoi bheannacht an Tiarna do Dhia.

Óir níor tháinig sibh fós chun an tsosa agus na hoidhreachta atá an Tiarna bhur nDia á thabhairt daoibh.

Agus dúirt Iósua le clann Iosrael: “Druidigí i leith agus éistigí le briathra an Tiarna bhur nDia.”

An mhuintir go léir a tháinig amach do timpeallghearradh iad; ach an méid daoine a rugadh san fhásach ar a slí dóibh tríd tar éis teacht as an Éigipt, níor timpeallghearradh iadsan.

Sna laethanta sin ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach duine mar ba rogha leis.

Sna laethanta úd ní raibh aon rí in Iosrael agus rinne gach fear mar ab áil leis féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí