Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 12:7

An Bíobla Naofa 1981

Ansiúd a íosfaidh sibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus a dhéanfaidh sibh lúcháir de bharr gach ar thoirbhir bhur lámha, sibh féin agus bhur muintir, faoi bheannacht an Tiarna do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

D'itheadar agus d'óladar an lá sin i láthair an Tiarna agus iad lán d'áthas. Ansin cheapadar Solamh mac Dháiví mar dhara rí acu agus d'ungadar é mar thaoiseach in ainm an Tiarna, agus d'ungadar Zádóc ina shagart.

Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.

Is eol dom nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh agus saol sona sásta a chaitheamh fad is beo dó.

Go deimhin, má éiríonn le duine ithe agus ól a dhéanamh agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair go léir, is tabhartas ó Dhia é.

Rud eile dhe, má tá aon duine ann dár thug Dia saibhreas agus maoin agus ar chuir sé ar a chumas iad a chaitheamh agus glacadh lena chinniúint agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair, is tabhartas ó Dhia é sin.

Ach déanfar a sochar agus a tuarastal a thiomnú don Tiarna; ní chruinneofar ná ní chuirfear i dtaisce iad. Is dóibh siúd a chaitheann a saol os comhair an Tiarna a rachaidh a sochar, chun go mbeidh a sáith le hithe acu agus éadach galánta.

Ach an dream a rinne an t‑arbhar a tharlú, íosfaidh siad féin é agus molfaidh siad an Tiarna. Is iad lucht cnuasaithe na gcaora fíona a bheidh ag ól i mo chúirteanna beannaithe.”

Ceadófar don phrionsa amháin, áfach, suí ann lena bhéile a chaitheamh i láthair an Tiarna. Rachaidh sé isteach agus fágfaidh sé trí phóirse an gheata.”

Nár imigh an bia ar ceal os comhair ár súl? Nár díbríodh an t‑áthas agus an lúcháir as teach ár nDé?

“Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách. Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia, a chaith chomh fial sin libh (agus ní náireofar mo phobal arís go deo).

An chéad lá, togaigí torthaí de thogha na gcrann, géaga pailme, craobha crann duilleach, saileoga an tsrutháin, agus déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia ar feadh seacht lá.

Seo rud eile atá sibh a dhéanamh: bánn sibh altóir an Tiarna le frasa deor - le caoineadh agus le cneadach - toisc nach dtugann sé aird ar bhith ar bhur n‑ofráil agus nach nglacann sé go grástúil ó bhur lámha í níos mó.

Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí

Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc.

Ní foláir duit iad a ithe os comhair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach a chónaíonn i do bhailte; beidh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia de bharr gach ar thoirbhir do lámha.

“Ná déanaigí mar a dhéanaimid anseo inniu, gach duine ag déanamh mar is áil leis féin.

agus i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé mar áitreabh dá ainm, ith deachú d'arbhair, do fhíona, d'ola, agus céadtorthaí do thána agus do thréada d'fhonn go bhfoghlaimeofá conas eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort de shíor.

caith an t‑airgead ar do rogha rud ansiúd - daimh, nó caoirigh, nó fíon nó deoch chrua, nó cibé ní is mian leat; ith ansiúd i láthair an Tiarna do Dhia, agus bíodh lúcháir ort féin agus ar do theaghlach.

Ní foláir duit é a ithe, tú féin agus líon do thí, gach bliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna.

Ansin bíodh fleá agat le gach ní fónta a thug an Tiarna, do Dhia, duit féin agus do do theaghlach, tú féin agus an Léivíteach agus an deoraí in bhur measc.

Ofráil íobairtí comaoineach agus ith iad ansiúd agus bíodh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia.

“Dé bhrí nach ndearna tú seirbhís don Tiarna do Dhia le gairdeas agus le lúcháir de bharr flúirse na n‑iolmhaitheasaí,

Bígí lúcháireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí