Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 12:6

An Bíobla Naofa 1981

Ansiúd a thabharfaidh sibh bhur n‑ofrálacha loiscthe agus bhur n‑íobairtí, bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, bhur n‑ofrálacha móide agus bhur n‑ofrálacha deonacha, céadtorthaí bhur dtána agus bhur dtréada.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Cuireadh Córae mac Imneá an Léivíteach, garda an gheata thoir, i bhfeighil na n‑íobairtí deonacha do Dhia, le roinn ar leith an Tiarna agus na hofrálacha sárnaofa a chur i leataobh.

Ansin thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh san oíche agus dúirt sé leis: “D'éist mé le d'urnaí. Thogh mé an áit seo dom féin mar theach íobartha.

Ansin chrom Iéisiúa mac Iózádác agus a chomhshagairt Zarubáibil mac Sheailtíéil lena ghaolta, ar altóir Dhia Iosrael a atógáil, le híobairtí dóite a ofráil uirthi, faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois giolla Dé.

Ina theannta sin: céadtorthaí ár n‑ithreach, agus céadtorthaí torthaí gach crainn a thabhairt gach bliain go Teampall ár nDé,

Beidh sagart, fear de shliocht Árón, i gcuideachta na Léivíteach agus iad ag tobhach na ndeachúna; déanfaidh na Léivítigh deachú de na deachúna a thabhairt suas go Teampall ár nDe, chuig na seomraí, chun an chiste,

Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit; gairfidh mé ainm an Tiarna.

Óir, ar mo shliabh naofa, ar shliabh ard Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn - riarfaidh muintir Iosrael go léir orm, gach duine acu atá sa tír. Fáilteoidh mé romhaibh ansin agus beidh mé ag súil le bhur mbronntanais, le togha bhur dtíolacthaí agus bhur n‑íobairtí naofa go léir.

Más beithíoch ón táin atá á ofráil aige ina íobairt uileloiscthe, ofráladh sé fireannach gan mháchail, agus ofráladh sé é ag doras Bhoth na Teagmhála i dtreo go mbeadh sé taitneamhach i láthair an Tiarna.

Tugaigí na deachúna go léir isteach sa stóras ionas go mbeidh soláthar bia i mo theachsa; agus cuirigí promhadh orm ar an gcuma sin, a deir Tiarna na Slua, féachaint an osclóidh mé fuinneoga neimhe daoibh chun beannachtaí a dhoirteadh anuas oraibh go flúirseach fial.

An bhféadfadh duine calaois a dhéanamh ar Dhia? Ach is amhlaidh a dhéanann sibhse calaois ormsa. Dá ainneoin sin deir sibh: ‘Conas a dhéanaimid calaois ort?’ I gcúrsaí deachúna agus ofrálacha!

“Ach is mairg daoibhse, Fairisínigh, mar go n‑íocann sibh deachúna ar an miontas agus ar an ruibh agus ar an uile ghlasra, agus go scaoileann sibh tharaibh an ceart agus grá do Dhia. Nithe iad seo nárbh fholáir a dhéanamh, gan iad siúd a fhágáil ar lár.

Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’

Deachú d'arbhair, ná do fhíona, ná d'ola, ná céadghin do thána ná do thréada, ná aon ofráil mhóide dá móidíonn tú, ná aon ofráil dheonach, ná aon ofráil a thoirbhríonn tú, ní ceadmhach duit iad a ithe i do bhailte.

ní foláir duit na céadtorthaí d'fhómhar na hithreach a bhainfidh tú sa tír a thabharfaidh an Tiarna do Dhia duit a chur i leataobh; cuir i gcliabh iad agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm.

ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n‑íobairtí uileloiscthe agus ár n‑abhlanna agus ár n‑íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: “Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ ”

An bhliain dár gcíonn ghabh Ealcáná agus a chlann go léir suas chun an íobairt bhliantúil a ofráil don Tiarna agus a mhóid a chomhlíonadh don Tiarna.

Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí