ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.
Má leanann an pobal seo ag dul suas chuig Teampall an Tiarna in Iarúsailéim chun íobairtí a ofráil, iompóidh croí an phobail ar ais athuair chun a dtaoisigh Rachabám, rí Iúdá, agus cuirfidh siad chun báis mé (agus fillfidh siad ar Rachabám, rí Iúdá).”
Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair.
Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat inniu.
B'fhéidir go ndéarfadh sibh liom: Ar an Tiarna ár nDia atáimid ag brath. Ach nach iad a ardionaidsean agus a altóirí a thóg Hiziciá chun siúil, a rá le muintir Iúdá agus Iarúsailéim: Sí an altóir seo in Iarúsailéim ar cheart daoibh adhradh os a comhair?
Ansin chrom Iéisiúa mac Iózádác agus a chomhshagairt Zarubáibil mac Sheailtíéil lena ghaolta, ar altóir Dhia Iosrael a atógáil, le híobairtí dóite a ofráil uirthi, faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois giolla Dé.
An Dia a chuir a ainm chun lonnaithe ann, go dtreascra sé aon rí nó aon dream a mbeidh sé de dhánaíocht iontu é seo a shárú agus Teampall Dé in Iarúsailéim a scrios! Mise, Dáire, a thug an forógra seo. Déantar é a chomhlíonadh go beacht!”
Leis an airgead seo ceannaigh go fonnmhar, tairbh, reithí agus uain agus na habhlanna agus na hofrálacha dí a ghabhann leo; agus íobair iad ar altóir Theampall do Dhé atá in Iarúsailéim.
ach má fhilleann sibh agus m'aitheanta a choimeád agus a chleachtadh, fiú dá mbeadh bhur ndíbeartaigh ar fán thar íor na spéire is faide i gcéin, déanfaidh mé iad a chruinniú ón áit sin agus a thabhairt ar ais chun na háite a roghnaigh mé le m'ainm a lonnú ann.’
Altóir chré a thógfaidh sibh dom agus déanfaidh sibh bhur íobairtí loiscthe agus síochána ó bhur dtréada agus ó bhur dtáinte, a ofráil dom uirthi. Cibé áit ina mbeidh cuimhne ar m'ainm á dhéanamh, tiocfaidh mé chugat le beannacht duit.
Ansiúd a bhuailfidh mé leat agus ó lastuas de chathaoir na trócaire, ó idir an dá cheiribín ar áirc na Fianaise, labhróidh mé leat agus tabharfaidh mé duit m'aitheanta uile do chlann Iosrael. ”
“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.
uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m'ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n‑aithreacha, mar do rinne mé le Sileo.
ní foláir dó ar dtús é a thabhairt go doras Bhoth an Teagmhála lena ofráil don Tiarna os comhair a thaibearnacail; aon duine nach ndéanann amhlaidh cuirfear an fhuil a doirteadh ina leith; déantar é a ionnarbadh óna phobal.
Nuair a chuaigh Maois isteach i mBoth na Teagmhála chun labhairt leis, chuala sé an guth a labhair leis ó lastuas de chathaoir na trócaire a bhí ar áirc na Fianaise ó idir an dá cheiribín. Ansin is ea a labhair sé leis.
Ansin an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia dá ainm le lonnú ann, tugaigí chun na háite sin gach a n‑ordaím daoibh: bhur n‑ofrálacha uileloiscthe agus bhur n‑íobairtí; bhur ndeachúna agus tabhartais bhur lámh, na hofrálacha móide go léir a mhóidíonn sibh don Tiarna.
Ní foláir duit iad a ithe os comhair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach a chónaíonn i do bhailte; beidh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia de bharr gach ar thoirbhir do lámha.
agus i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé mar áitreabh dá ainm, ith deachú d'arbhair, do fhíona, d'ola, agus céadtorthaí do thána agus do thréada d'fhonn go bhfoghlaimeofá conas eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort de shíor.
Má bhíonn an t‑aistear rófhada duit, agus mura féidir duit - nuair a bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú - do dheachú a bhreith ann mar go bhfuil an áit a thoghann an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm, rófhada ó bhaile,
Déan lúcháir i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm - tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach atá ag cur faoi i do bhailte, agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach, a chónaíonn in bhur measc.
Déan an fhéile a cheiliúradh don Tiarna do Dhia ar feadh seacht lá san áit a thoghfaidh an Tiarna; óir cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i do fhómhar go léir agus i saothar do lámh go léir, i dtreo go mbeidh tú lán d'áthas.
ach san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia le bheith mar áitreabh ag a ainm is ea atá íobairt na Cásca le hofráil agat, um thráthnóna, le dul faoi na gréine, faoin am a tháinig tú amach as an Éigipt.
“Má thugtar cás faoi bhráid do bhreithiúnais i mbaile leat a bhíonn róchasta duit, cás faoi mharú, faoi chearta dlí, nó faoi ionsaí, ní foláir duit imeacht leat chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia,
“Má thagann Léivíteach as aon cheann de do bhailte in Iosrael go léir mar a bhfuil cónaí air - agus ní cás dó teacht nuair is maith leis - chun na háite a thoghfaidh an Tiarna,
ní foláir duit na céadtorthaí d'fhómhar na hithreach a bhainfidh tú sa tír a thabharfaidh an Tiarna do Dhia duit a chur i leataobh; cuir i gcliabh iad agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm.
Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,
Fuair na hIosraelaigh gaoth an fhocail faoi seo: “Féach,” a deirtí, “thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ar theorainn thír Chanán, in aice na gciorcal cloch ag an Iordáin, ar thaobh thailte na nIosraelach.”
Ach ón lá sin amach rinne Iósua giollaí brosna agus uisce díobh don chomhthionól agus chuir de cheangal orthu, go dtí an lá atá inniu ann, freastal ar altóir an Tiarna cibé ball ba rogha leis.
Rinneadh fís dom arís: b'shiúd an tUan ina sheasamh ar chnoc Shíón, agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine a raibh a ainm agus ainm a athar scríofa ar a n‑éadan.