Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 12:20

An Bíobla Naofa 1981

“Nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia do thailte a mhéadú mar a gheall sé duit, agus a déarfaidh tusa: ‘beidh greim feola agam,’ má bhíonn fonn feola ort, ní cás duit oiread feola agus is maith leat a ithe.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.

Fág gur imigh tú le barr síreachta i ndiaidh teach d'athar, cén fáth, ámh, ar ghoid tú mo dhéithe?”

Ní raibh olc ina chroí ag an rí in aghaidh Aibseálóm a thuilleadh nuair a tháinig sé chuige féin tar éis bhás Amnón.

Agus dúirt Dáiví le tnúth: “Uch, nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile atá le taobh an gheata!”

Ghlaoigh Iabaez ar Dhia Iosrael á rá: “Má chuireann tú do bheannacht orm dáiríre, cuirfidh tú breis le mo chríocha, beidh do lámh le m'ais, déanfaidh tú mé a chumhdach ón olc agus beidh deireadh le mo bhroid.” Dheonaigh Dia dó gach ar iarr sé.

de bhrí gur shásaigh sé an t‑anam tartmhar, agus gur líon sé de nithe fónta an t‑anam ocrach.

Santaím do shlánú, a Thiarna; agus is aoibhinn liom do dhlí.

Bíonn m'anam ag meirtniú de shíor, is é ag tnúth le d'fhoraitheanta.

Féach, is mian liom do phroiceapta; tabhair dom an bheatha i d'fhíréantacht.

Salm Dháiví. Nuair a bhí sé ag lonnú i bhfásach Iúdá.

Nach álainn go dearfa d'áras, a Thiarna na slua!

Is iad na teorainneacha a leagfaidh mé síos duit: ó Mhuir na nGiolach go Muir na bhFilistíneach, agus ón bhfásach go dtí an Abhainn; cuirfidh mé lucht áitrithe na tíre faoi bhur láimh agus tiomáinfidh sibh romhaibh amach iad.

Nuair a bheidh na ciníocha díbeartha agam romhat, agus fairsinge curtha agam le do chríocha, ní shantóidh aon duine do dhúiche, má thagann tú i láthair an Tiarna do Dhia trí huaire sa bhliain.”

ach ar feadh mí iomlán, go dtí go gcuirfidh sí masmas oraibh agus go mbeidh an ghráin agaibh uirthi, mar gur shéan sibh an Tiarna atá in bhur measc agus go ndearna sibh lógóireacht ina láthair á rá: Cad ab áil linn teacht amach as an Éigipt ar aon chor?’ ”

Uime sin tugadh Ciobrót Hatavá (“Uaigheanna an Mhiangais”) ar an áit mar is ansiúd a d'adhlacadar an dream a ghéill dá miangas.

An daoscarshlua a bhí i measc an phobail, bhuail miangas iad, agus chrom clann Iosrael chomh maith ar lógóireacht arís: “Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn?” ar siad.

Agus beidh siad ag guí oraibh go geanúil de bharr an ghrásta as cuimse a bhronn Dia oraibh.

Aon áit ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, beidh sé in bhur seilbh; sínfidh bhur gcríocha ón bhfásach agus ón Liobáin, ón abhainn, ó abhainn an Eofrataes go dtí an Mhuir Thiar.

Ní miste duit áfach mar is mian leat, feoil a mharú agus a ithe in aon bhaile leat de réir mar a dheonaíonn an Tiarna do Dhia a bheannacht duit; ní cás do ghlan agus do neamhghlan í a ithe, amhail is ba ghasail nó fia í.

Má bhíonn an áit a thoghann an Tiarna do Dhia lena ainm a chur ann rófhada ó bhaile, is ceadmhach duit ainmhí den táin nó den tréad a thug an Tiarna duit a mharú mar a d'aithin mé duit; ní cás duit oiread agus is áil leat a ithe i do bhailte.

agus má chuireann an Tiarna do Dhia breis le do chríocha, faoi mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha, agus go dtugann sé duit an tír go léir a gheall sé a thabhairt do d'aithreacha -

Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin.

Is fada leis uaidh sibh go léir agus tá imní air toisc gur chuala sibh go raibh sé breoite.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí