Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 12:12

An Bíobla Naofa 1981

Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc.

Féach an chaibidil Cóip

30 Tagairtí Cros  

Rinne Solamh an fhéile a cheiliúradh an t‑am sin in éineacht le hIosrael go léir, comhthionól mór ó bhealach Hamát go sileán na hÉigipte, agus sin i láthair an Tiarna ár nDia, ar feadh [seacht lá].

Rinne Hiziciá agus an pobal go léir lúcháir de bharr a raibh déanta ag Dia don phobal, á spreagadh chun gnímh chomh gasta sin.

Ansin dúirt (an gobharnóir, Nihimiá agus) Eazrá an sagart agus an scríobhaí (agus na Léivítigh a bhí ag teagasc an phobail) leis an bpobal go léir: “Lá atá coisricthe don Tiarna bhur nDia is ea an lá seo. Ná bígí ag caoineadh ná ag olagón.” Mar bhí an pobal go léir ag sileadh na ndeor nuair a chuala siad briathra an dlí.

Alleluia. Molaigí an Tiarna toisc gur maith é; canaigí Salm dár nDia toisc gur grámhar é; is dósan is dual ár moladh.

An chéad lá, togaigí torthaí de thogha na gcrann, géaga pailme, craobha crann duilleach, saileoga an tsrutháin, agus déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia ar feadh seacht lá.

Dúirt an Tiarna le hÁrón: “Ní bheidh aon oidhreacht agat ina bhfearann, ná ní bheidh seilbh agat ar aon chuid de ina measc. Mise do chuid ranna agus d'oidhreacht i measc chlann Iosrael.

“Abair leis na Léivítigh: ‘Nuair a ghlacann sibh an deachú ó chlann Iosrael, an deachú a chaithfidh siad a dhíol libh agus atá á tabhairt agam daoibh ní foláir daoibh cuid de a chur i leataobh don Tiarna, deachú den deachú.

Dúirt Peadar leis: “Ní nífidh tú mo chosa-sa choíche!” D'fhreagair Íosa é: “Mura ndéanfaidh mé thú a ní, ní bheidh aon chuid agat díom.”

Níl baint ná páirt agat sa ghnó seo, mar ní ionraic do chroí i bhfianaise Dé.

Tá Léiví dá bhrí sin gan páirt na oidhreacht lena bhráithre; an Tiarna a oidhreacht, faoi mar a gheall an Tiarna do Dhia dó.)

Ní foláir duit iad a ithe os comhair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach a chónaíonn i do bhailte; beidh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia de bharr gach ar thoirbhir do lámha.

Fad is beo duit i do thír, seachain agus ná déan faillí sa Léivíteach.

Ansiúd a íosfaidh sibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus a dhéanfaidh sibh lúcháir de bharr gach ar thoirbhir bhur lámha, sibh féin agus bhur muintir, faoi bheannacht an Tiarna do Dhia.

Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat.

Déan lúcháir i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm - tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach atá ag cur faoi i do bhailte, agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach, a chónaíonn in bhur measc.

Déan lúcháir ar an bhféile seo, tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhóntaí fir agus mná, an Léivíteach, an deoraí, an dílleachta agus an bhaintreach a chónaíonn i do bhailte.

“Má thagann Léivíteach as aon cheann de do bhailte in Iosrael go léir mar a bhfuil cónaí air - agus ní cás dó teacht nuair is maith leis - chun na háite a thoghfaidh an Tiarna,

Ansin bíodh fleá agat le gach ní fónta a thug an Tiarna, do Dhia, duit féin agus do do theaghlach, tú féin agus an Léivíteach agus an deoraí in bhur measc.

“Sa tríú bliain, bliain na ndeachúna, nuair a bheidh deireadh dheachú do thorthaí go léir íoctha agat agus go mbíonn sí tugtha agat don Léivíteach, don deoraí, don dílleachta, agus don bhaintreach, agus go mbíonn sí ite acu in bhur mbailte agus go mbíonn a sáith acu,

Ofráil íobairtí comaoineach agus ith iad ansiúd agus bíodh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia.

Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.

Do threibh Léiví amháin níor thug Maois aon oidhreacht; an Tiarna, Dia Iosrael, a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.

Dhá threibh a ba ea clann Iósaef, Manaise agus Eafráim; níor tugadh aon chuid den fhearann do na Léivítigh ach cathracha áirithe le cónaí iontu, agus an talamh féaraigh ina dtimpeall dá n‑eallach agus dá maoin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí