Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 11:7

An Bíobla Naofa 1981

Ach is sibhse, le bhur súile cinn, a chonaic na héachtaí mora go léir a rinne an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Cé ar féidir leis éachtaí an Tiarna a fhógairt? cé a chraolfaidh a mholtaí go léir?

ionas go nochtfar do chumhacht do dhaoine agus niamhracht agus glóir-réim do ríochta.

Molaigí é as ucht a éachtaí! Molaigí é as ucht a chumhachta ollmhóire!

a ndearna sé le Dátán agus le hAibíorám, clann Eilíáb an Reúbaenach - conas mar a d'oscail an talamh a chraos, ansiúd a gcroílár Iosrael go léir, agus a shlog sé iad féin agus a dteaghlaigh, a mbothanna agus gach ní beo a bhí ina seilbh.

“Ní foláir daoibh, dá bhrí sin, na haitheanta go léir a d'ordaigh mé daoibh inniu a choimeád, d'fhonn go mbeadh sé ar bhur gcumas dul isteach agus seilbh a ghabháil ar an tír ar a bhfuil bhur dtriall anonn agus bhur gcuid féin a dhéanamh de,

Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.”

Ghair Maois ar Iosrael go léir agus dúirt leo: “Chonaic sibh gach a ndearna an Tiarna os comhair bhur súl i dtír na hÉigipte le Forann, lena shearbhóntaí, agus lena thír uile,

Chonaic sibh le bhur súile cinn cad a rinne an Tiarna i mBál Peór; óir dhíothaigh an Tiarna bhur nDia ó bhur measc lucht leanta uile Bhál Peór.

Ní lenár n‑aithreacha a rinne an Tiarna an conradh seo, ach linne, sinne atá anseo beo gach duine againn anseo inniu.

na cathuithe móra a chonaic tú le do shúile cinn, na comharthaí, na hiontais, an lámh láidir agus an ghéag ar tinneall lenar thug an Tiarna do Dhia amach thú; sin í an íde a thabharfaidh an Tiarna ar na ciníocha go léir a bhfuil eagla ort rompu.

Rinne Iosrael fónamh don Tiarna i gcaitheamh shaol Iósua, agus shaol na seanóirí a mhair níos déanaí ná é, agus a raibh eolas acu ar na héachtaí go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe le hIosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí