Dúirt an Tiarna leis: “D'eist mé le d'urnaí agus leis an achainí a rinne tú os mo chomhair. Choisric mé an teach seo a thóg tú, agus chuir mé m'ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.
nó go dtaga mé agus sibh a bhreith liom go tír mar bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort, tír ológ agus meala, i dtreo nach bás ach beatha a bheidh i ndán daoibh. Ná héistigí le Hiziciá agus é ag cur an dallamullóg oraibh á rá: Déanfaidh an Tiarna sinn a fhuascailt.
Ach bhí súile a nDé dírithe ar sheanóirí na nGiúdach agus níor chuir siad cosc leo nó go gcuirfí tuairisc go Dáire agus go dtiocfadh freagra oifigiúil ar ais i litir uaidh i dtaobh an ghnó.
géilligí domsa agus beidh gach duine agaibh ag ithe toradh a fhíniúna féin agus a chrann figí féin, agus ag ól uisce a umair féin, go dtí go dtaga mise chun sibh a thabhairt go tír cosúil le bhur dtír féin, tír gráin agus fíona, tír aráin agus fíonghort.
Cuirfidh mé mo shúile orthu ar mhaithe leo agus tabharfaidh mé ar ais don dúiche seo arís iad. Tógfaidh mé iad agus ní leagfaidh mé anuas iad, cuirfidh mé i dtalamh iad agus ní tharraingeoidh mé aníos iad.