Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 10:8

An Bíobla Naofa 1981

Ansin is ea a roghnaigh an Tiarna treibh Léiví chun áirc chonradh an Tiarna a iompar, chun seasamh i láthair an Tiarna, chun fónamh dó, agus chun a ainm a bheannú mar a dhéanann siad go dtí inniu féin.

Féach an chaibidil Cóip

39 Tagairtí Cros  

D'iompair na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.

Ansin dúirt Dáiví: “Ní ceadmhach ach do na Léivítigh áirc Dé a iompar, óir thogh an Tiarna iad le háirc an Tiarna a iompar agus le fónamh dó go brách.”

De bhrí go raibh Dia ag cabhrú leis na Léivítigh a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, d'ofráil siad seacht dtarbh agus seacht reithe.

Clann mhac Amrám: Árón agus Maois. Cuireadh Árón ar leithligh leis na nithe rónaofa a choisreacan - é féin agus a chlann mhac go brách - le túis a dhó i láthair an Tiarna, seirbhís a dhéanamh dó, agus beannacht a thabhairt ina ainm go brách.

Níl sé de cheangal ar na Léivítigh an taibearnacal ná aon ní a ghabhann le freastal air a iompar a thuilleadh.” -

A chlann ó, ná bígí faillítheach, óir thogh an Tiarna sibh le seasamh ina láthair, le freastal air, le seirbhís a thabhairt dó, agus le túis a ofráil dó.”

D'éirigh na sagairt agus na Léivítigh ina seasamh ansin agus bheannaíodar an pobal. Éisteadh lena nglór agus chuaigh a n‑urnaí suas chun a áitribh naofa ar neamh.

Amhrán Oilithreach. 1 Téanaigí agus molaigí an Tiarna, a sheirbhíseacha uile an Tiarna a bhíonn in bhur seasamh i dteach an Tiarna, i gcúirteanna theach ár nDé.

Tógaigí bhur lámha chun an tsanctóra; agus déanaigí an Tiarna a mholadh.

a bhíonn in bhur seasamh i láthair an Tiarna, i gcúirteanna áras ár nDé.

Is mar seo a d'fhreagair an Tiarna: “Má fhilleann tú, tabharfaidh mé liom arís thú ar aimsir; agus má labhraíonn tú go huasal agus ní go suarach, beidh tú amhail mo bhéal féin. Fillfidh siadsan ortsa, ach ná fillse orthusan.

Beidh siad ina bhfreastalaithe sa sanctóir agam agus an cúram orthu geataí an Teampaill a ghardáil agus an Teampall féin a fhreastal. Maróidh siad an íobairt dhóite agus an ofráil don phobal, agus beidh siad i láthair chun freastal ar an bpobal.

“Na sagairt Léivíteacha, mic Zádóc, a chomhlíon a ndualgais dom sa sanctóir nuair a chuaigh muintir Iosrael ar seachrán i bhfad uaim, beidh cead acusan triall orm chun freastal orm. Seasfaidh siad i mo láthair ag ofráil saille agus fola dom - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Chuir sé an cheannbheart ar a cheann agus shocraigh an lann óir uirthi chun tosaigh; í sin an choróin bheannaithe de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Ansin d'ardaigh Árón a lámha i dtreo an phobail agus bheannaigh iad. Nuair a bhí an íobairt pheaca, an íobairt uileloiscthe, agus an íobairt chomaoineach déanta aige ar an gcuma sin, tháinig sé anuas

Sé cúram a bhí orthu, an áirc, an bord, an coinnleoir, na haltóirí, soithí beannaithe an tsanctóra lena ndéanann na sagairt seirbhís, agus an chliath le gach a ngabhann léi.

“Tionól treibh Léiví agus cuir ar fáil iad do Árón an sagart, le freastal air.

Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t‑ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.

Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.

Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscadh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.”

Mise Pól, searbhónta Íosa Críost, a bhfuil glaoite air chun bheith ina aspal agus atá dealaithe amach chun dea-scéal Dé.

An té a fuair bua freastail, déanadh sé freastal: bíodh an múinteoir ag múineadh

Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlan agus beidh fáilte agamsa romhaibh.

Ach nuair ba dheoin leis an té, a dhealaigh amach mé fad a bhí mé fós i mbroinn mo mháthar, agus a ghlaoigh chuige féin mé as ucht a ghrásta -

Má leomhaíonn aon duine gan aird a thabhairt ar an sagart atá ansiúd ag déanamh seirbhíse don Tiarna do Dhia, nó ar an mbreitheamh, ní foláir é a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó Iosrael ar an gcuma sin.

Óir thogh an Tiarna do Dhia é as do threibheanna go léir le seasamh i láthair an Tiarna do Dhia, chun cúraimí na seirbhíse diaga a dhéanamh, chun ainm an Tiarna a bheannú - sea eisean agus a chlann mhac ina dhiaidh go brách.

Ansin faigheadh seanóirí na cathrach is gaire don mharbh bodóg nár cuireadh chun oibre agus nár tharraing an chuing riamh fós.

Agus tagadh clann mhac Léiví, na sagairt, i láthair mar thogh an Tiarna do Dhia iad le fónamh dó agus le beannú in ainm an Tiarna, agus is é a ngnó gach cás aighnis agus foiréigin a réiteach le breith a mbéil.

Scríobh Maois an dlí seo agus thug é do na sagairt, clann Léiví, an mhuintir a d'iompraíodh áirc chonradh an Tiarna, agus do sheanóirí Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí