D'fhill mé ansin agus anuas liom ón sliabh agus chuir mé na cláir san áirc a bhí déanta agam, agus is ansiúd dóibh fós faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dom.
D'fhill Maois agus tháinig anuas ón sliabh agus dhá leac na Fianaise ina lámha, leaca ar a raibh scríbhinn ón dá thaobh, scríbhinn ar a n‑aghaidh agus scríbhinn ar a gcúl.
D'fhan sé ansiúd fara an Tiarna daichead lá agus daichead oíche gan greim a ithe ná bolgam a ól. Agus scríobh sé ar na leaca focail an chonartha, na Deich nAitheanta.
Nuair a tháinig Maois anuas ó Shliabh Shíonái - agus é ag teacht anuas bhí dhá leac na Fianaise ina láimh - ní raibh a fhios ag Maois go raibh loinnir ón gcneas ar a aghaidh mar go raibh sé ag caint leis an Tiarna.
Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d'iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.