Ach d'éirigh siad amach ina choinne agus chuir brón ar a spiorad naofa. Is leis sin a d'iompaigh sé ina namhaid dóibh agus chuir sé cogadh orthu é féin.
Ansin d'éiríodar go moch agus chuireadar chun bealaigh i dtreo arda na sléibhte á rá: “Seo anseo sinn, cuirimís chun bealaigh i dtreo na háite sin ó dúirt an Tiarna linn gur pheacaíomar.”
“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.
Má leomhaíonn aon duine gan aird a thabhairt ar an sagart atá ansiúd ag déanamh seirbhíse don Tiarna do Dhia, nó ar an mbreitheamh, ní foláir é a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó Iosrael ar an gcuma sin.