Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 1:42

An Bíobla Naofa 1981

Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Abair leo: Ná téigí suas ag troid - nílimse faraibh - le heagla go mbeadh an bua ag bhur naimhde oraibh.’

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt, bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle, go dtí nach mbeidh fágtha díbh ach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin, mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe.

Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!

Iompóidh mé oraibh agus buafaidh bhur naimhde oraibh. Beidh ceannas ag bhur n‑eascairde oraibh, agus teithfidh sibh gan aon duine sa tóir oraibh.

Throid na Filistínigh dá réir sin, agus cloíodh Iosrael agus theith gach fear acu chuig a bhoth féin. Rinneadh ár agus eirleach orthu agus thit tríocha míle troitheach de na hIosraelaigh.

Chóirigh na Filistínigh iad féin chun catha in aghaidh Iosrael; troideadh go dian, agus bhris na Filistínigh ar Iosrael agus maraíodh timpeall ceithre mhíle dá n‑arm ar pháirc an áir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí