Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 1:32

An Bíobla Naofa 1981

Ach dá ainneoin sin uile níl creideamh agaibh sa Tiarna, bhur nDia,

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”

Ba tháir leo dá éis sin tír an aoibhnis; níor mhuinín leo, ach oiread, a bhriathar.

de bhrí nár chreid siad i nDia agus nár chuir siad a ndóchas ina chúnamh.

is í an tSamáir ceann Eafráim, agus mac Ramailiá ceann na Samáire. Ach mura seasann sibhse liomsa, níl seasamh i ndán daoibh.’ ”

Dúirt an Tiarna le Maois: “An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d'ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc?

Féachaigí chuige, a bhráithre, nach mbeidh drochchroí chomh díchreidmheach sin ag aon duine agaibh agus go dtréigfidh sé an Dia beo choíche.

Óir fógraíodh an dea-scéal dúinn díreach mar a fógraíodh dóibhsean é. Ach níorbh aon tairbhe dóibh an teachtaireacht a chuala siad de bhrí nach raibh siad aontaithe tríd an gcreideamh leis na daoine a thug cluas di.

Is mian liom a chur i gcuimhne daoibh, cé gurb eol daoibh gach ní cheana don aon uair amháin ar fad, gur fhuascail an Tiarna pobal ón Éigipt ach gur scrios sé ina dhiaidh sin an mhuintir nár chreid.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí