Ach d'éirigh siad amach ina choinne agus chuir brón ar a spiorad naofa. Is leis sin a d'iompaigh sé ina namhaid dóibh agus chuir sé cogadh orthu é féin.
Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.”
“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.
Rinneadar cuid de thorthaí na tíre a chnuasach agus a thabhairt anuas chugainn; is é scéala a thugadar chugainn: ‘Tír thorthúil é an tír a thug an Tiarna ár nDia dúinn.’
Agus nuair ab áil leis an Tiarna go bhfágfadh sibh Cáidéis Bairnéa, á rá: ‘Suas libh agus gabhaigí seilbh ar an tír a thug mé daoibh,’ ansin rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia; níor chreid sibh ann ná níor éist sibh lena ghlór.