Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 1:25

An Bíobla Naofa 1981

Rinneadar cuid de thorthaí na tíre a chnuasach agus a thabhairt anuas chugainn; is é scéala a thugadar chugainn: ‘Tír thorthúil é an tír a thug an Tiarna ár nDia dúinn.’

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.

an bhfuil an ithir féin saibhir nó bocht, faoi choillte nó a mhalairt. Bíodh misneach agaibh agus tugaigí cuid de thorthaí na tíre ar ais libh.” Ba é séasur na bhfíniúna luatha é.

Mar seo a dúradar: “Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh.

agus dúradar le comhthionól chlann Iosrael go léir: “An tír a ghabhamar á thaiscéaladh, is tír mhaith é, tír fhónta.

Thugadar-san aghaidh ar na hardáin; thángadar chomh fada le Gleann Eisciol agus rinneadar é a thaiscéaladh.

Níorbh áil libh gabháil isteach ann mar sin féin agus rinne sibh ceannairc in aghaidh ordú an Tiarna bhur nDia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí