Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 1:10

An Bíobla Naofa 1981

Rathaigh an Tiarna bhur nDia sibh i dtreo gur geall le réaltaí neimhe le háireamh sibh.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Agus thug sé leis amach é agus dúirt: “Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir duit iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol.”

dáilfidh mé na frasa beannachtaí uaim anuas ort. Cuirfidh mé an rath ar do shíol ionas go mbeidh siad líonmhar mar réaltaí neimhe nó mar ghaineamh na trá; agus beidh seilbh ag do shliocht ar gheataí [cathrach] do naimhde.

Beidh do shliocht mar luaithreach na talún, agus leathfaidh tú siar agus soir, ó thuaidh agus ó dheas; agus is tríotsa agus trí do shliocht a bheannóidh treibheanna uile an domhain iad féin.

Níor áirigh Dáiví an mhuintir a bhí faoi fiche bliain d'aois, mar gur gheall an Tiarna go ndéanfadh sé Iosrael chomh líonmhar le réaltaí na spéire.

Chuir tú an rath ar a sliocht Mar a bheadh réaltaí nimhe Agus threoraigh tú isteach iad Sa tír a dúirt tú lena sinsir a ghabháil agus a shealbhú.

Bheannaigh sé iad agus chuaigh siad i líonmhaireacht; níor lig sé dá dtréada dul i laghad.

Chuir clann Iosrael chun siúil ó Ramasaes go Sucót - sé chéad míle fear díobh dá gcois, seachas mná agus miondaoine.

Cuimhnigh ar Abrahám, ar Íosác agus ar Iosrael, do shearbhóntaí, dár mhionnaigh tú dar thú féin agus dár gheall tú: ‘Déanfaidh mé bhur síol chomh líonmhar le réaltaí neimhe, agus an tír seo go léir a gheall mé, tabharfaidh mé do bhur sliocht é agus beidh sé ina oidhreacht acu go síoraí.’ ”

Breathnaígí Abrahám bhur n‑athair agus Sárá a thug ar an saol sibh. Óir bhí sé ina aonar nuair a ghairm mise é agus bheannaigh mé é agus rinne mé líonmhar é.

agus fás amhail féar na páirce.’ D'fhás tú, mhéadaigh agus tháinig ann duit; bhí do chíocha cumtha agus do ghruaig fásta, ach bhí tú lom tarnocht go fóill.

Ba é an líon iomlán sé chead agus a trí mhíle cúig céad agus caoga.

Agus nuair a stopadh sí, deireadh sé: “Fill, a Thiarna, Ar na mílte ar mhílte d'Iosraelaigh.”

Agus tá an Tiarna Dia bhur sinsear chun sibh a rathú faoi mhíle sa bhreis agus a bheannacht a chur oraibh mar a gheall sé daoibh.

Fág nach raibh ach deichniúr agus trí fichid díobh ann nuair a ghabh d'aithreacha ó dheas isteach san Éigipt, rinne an Tiarna do Dhia chomh líonmhar le réaltaí neimhe thú.

Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: ‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m'athair. D'imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de.

Ba líonmhar sibh mar réaltaí neimhe, ach ní fhágfar díbh ach dornán beag, óir níor ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia.

“Níor thug an Tiarna grá daoibh, ná níor thogh sé sibh de bhrí gur líonmhaire sibh ná pobal ar bith eile, óir ba sibh an pobal ba shuaraí de na pobail go léir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí