Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Dainéil 1:1

An Bíobla Naofa 1981

nach bhfuil eolas a Dainéil 1:1
Molaimid dul i gcomhairle le leagan difriúil ón Bhíobla Críostaí sa chuid roghnóir ar an mbarr. Go raibh maith agat as úsáid Bibliatodo.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Bhí Iahóiácaím cúig bliana agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Zibídeá, iníon Pheadáiá ó Rúmá, ab ainm dá mháthair.

Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.

Cuid de do chlann mhac féin a shaolófar duit, tabharfar ar shiúl iad agus beidh siad ina gcoillteáin i bpálás rí na Bablóine.”

An briathar a tháinig go Irimia i dtaobh phobal Iúdá uile sa cheathrú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá (b'í sin an chéad bhliain de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine).

An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna i laethanta Iahóiácaím mhic Ióisíá, rí Iúdá:

Ach tharla, nuair a d'ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.’ Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.”

Tharla sa cheathrú bliain de Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá, go dtáinig an briathar seo go Irimia ón Tiarna:

An focal a labhair Irimia fáidh le Barúch mac Néiria nuair a scríobh seisean na briathra seo i leabhar ó bhéal Irimia sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.

An briathar a labhair an Tiarna in éadan na Bablóine, in éadan tír na gCaildéach, trí Irimia fáidh.

Sa chúigiú mí ar an deichiú lá den mhí - ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine - tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim.

Mar seo leanas uimhir na ndaoine a díbríodh ag Nabúcadnazar thar tír amach: sa seachtú bliain, trí mhíle Giúdach agus triúr ar fhichid;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí