Rinne Solamh an fhéile a cheiliúradh an t‑am sin in éineacht le hIosrael go léir, comhthionól mór ó bhealach Hamát go sileán na hÉigipte, agus sin i láthair an Tiarna ár nDia, ar feadh [seacht lá].
Dá mhéad bliain dá maireann duine baineadh sé taitneamh astu go léir, agus cuimhníodh sé gurb iomaí lá dorchadais a bheidh ann. Baois is ea gach ní dá bhfuil le teacht!
Rud eile dhe, má tá aon duine ann dár thug Dia saibhreas agus maoin agus ar chuir sé ar a chumas iad a chaitheamh agus glacadh lena chinniúint agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair, is tabhartas ó Dhia é sin.
Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh.
Molaimse mar sin an t‑aoibhneas; óir níl aon ní fónta eile ann don duine abhus faoi luí na greine ach bheith ag ithe agus ag ól agus ag déanamh aoibhnis, agus go bhfanfaidh sé seo leis ina chuid saothair ar feadh laethanta na beatha a thugann Dia dó abhus faoi luí na gréine.
Déanadh sé an chuid sin a ofráil don Tiarna mar dhleacht ar leith; is cuid naofa don sagart í, mar aon leis an mbrollach a ofráladh agus leis an gceathrú a cuireadh i leataobh. Ní miste don naizíreach fíon a ól ina dhiaidh sin.
Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc.
Ansiúd a íosfaidh sibh i láthair an Tiarna bhur nDia, agus a dhéanfaidh sibh lúcháir de bharr gach ar thoirbhir bhur lámha, sibh féin agus bhur muintir, faoi bheannacht an Tiarna do Dhia.
Nuair a bhí bia ite agus deoch ólta ag Boaz agus go raibh sé go súgach, chuaigh sé a luí ag imeall an charn arbhair. Ansin tháinig sí os iseal agus chas siar an brat a bhí ar a chosa agus luigh ansiúd.