Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 9:16

An Bíobla Naofa 1981

Ar an ábhar sin is é a dúirt mé: Is fearr eagna ná neart. Mar sin féin déantar neamhní d'eagna an fhir bhoicht agus ní éistear lena bhriathra.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

A mhaoin is cathair dhaingean ag an duine saibhir; ach milleann a mbochtaine na bochtáin.

Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh, agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh.

Is fearr an críonna ná an tréan, fear na gaoise ná fear [an ghaisce].

(Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;) is fuath liom uabhar, díomas, cosán an oilc agus an béal bréagach.

Má bhíonn an tua maol agus nach gcuirtear faobhar uirthi roimh ré, caithfear breis fuinnimh a úsáid; ach is í an eagna a chuirfidh rath ar chách.

Tá cosaint na heagna cosúil le cosaint an airgid ach is é an tairbhe atá le baint as an eolas go gcosnaíonn an eagna beo na ndaoine a bhfuil sí acu.

De bharr a chuid eagna is láidre an t‑eagnaí ná deichniúr rialtóir cathrach.

Is fearr an eagna ná airm chogaidh; ach d'fhéadfadh aon bhotún amháin mórán maitheasa a mhilleadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí