Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Cóheilit 9:12

An Bíobla Naofa 1981

Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh: gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh.

Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas, agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?

Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh, ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.

Tiocfaidh an tubaiste sa mhullach air dá bharrsan; déanfar é a bhascadh go tobann, gan súil le leigheas.

Óir tá an chinniúint chéanna ag an duine agus atá ag an ainmhí; mar a fhaigheann ceann acu bás, sin mar a fhaigheann an ceann eile bás chomh maith; óir tá an t‑aon spiorad amháin iontu go léir agus níl aon bhuntáiste ag an duine ar an ainmhí. Baois is ea gach uile ní.

Is é an chúis a spreagtar an duine chun olc a dhéanamh, toisc nach gcuirtear daorbhreith i gcrích go luath ar dhrochbhearta;

Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t‑olc lucht a dhéanta.

Seo sampla eile fós den eagna a chonaic mé abhus faoi luí na gréine agus is díol suntais é, dar liom.

An té a theitheann ó thorann na scéine, titfidh sé sa chlais; má dhreapann sé aníos as an gclais, béarfar air sa ghaiste. Óir tá fuinneoga na bhflaitheas ar leathadh, agus bunsraith na talún ar crith.

léireofar daoibh an cion seo a bheith mar a bheadh balla ard agus gág anuas ann, bolg amach air agus é i ríocht titim, a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl,

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Leathfaidh mé m'eangach os do chionn agus tú i gcomhluadar a lán pobal; tabharfaidh siad aníos i m'eangach thú.

Ach cibé áit a n‑eitleoidh siad, leathfaidh mé orthu mo líon, agus leagfaidh mé iad amhail éanlaith an aeir, agus smachtóidh mé iad de réir líon a n‑urchóidí.

Tá faireoir Eafráim i bhfochair mo Dhé - is é an fáidh é. Tá líonta foghlaera leata ar a loirg uile, agus i dteach a Dhé déantar géarleanúint air.

Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’

Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb'eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach.

Mar is é a deir sé: “Ar uair na faille thug mé cluas duit; ar lá an tslánaithe tháinig mé i gcabhair ort.” Is í seo, féach, uair na faille; inniu lá an tslánaithe.

Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.

ar shlí go dtiocfadh a gciall chucu agus go n‑éalóidís ó ghaiste an diabhail ina bhfuil siad gafa chun a thola aige.

Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.

Ach is cuma iad seo nó ainmhithe éigiallta, dúile nádúrtha a shaolaítear don tseilg agus don bhás; tá siad drochmheastúil maidir le nithe nach dtuigeann siad agus scriosfar iad san aon scriosadh leo,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí