Dá bharr sin uile chonaic mé nach bhfuil aon ní ann is fearr do dhuine ná gairdeas a dhéanamh ina chuid oibre, mar is é sin a chinniúint. Óir cé a thabharfaidh dó na nithe a thitfidh amach ina dhiaidh a fheiceáil?
Óir cé arb eol dó céard is maith don duine sa saol seo le linn gearrthéarma na beatha díomhaoine a chaitheann sé anseo ar nós scáile. Cé hé ar féidir dó a insint don duine cad a tharlóidh abhus faoi luí na gréine nuair a bheidh seisean imithe?
Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh.
Rinne mé dianmhachnamh i mo chroí istigh ar an scéal seo go léir agus aithním go bhfuil na fíréin agus na saoithe agus a n‑oibreacha uile ar láimh Dé. Ach ní eol don duine an fabhar nó fuath atá ann dó; níl ciall ar bith le ceachtar acu, dar leis.
Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.