Ach chuir an rí a ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus na hoifigigh shinsir, agus d'imigh Ióáb agus na hoifigigh shinsir leo ó láthair an rí chun daonáireamh a dhéanamh ar phobal Iosrael.
cuirfidh mé i gcrích inniu féin an ní a mhionnaigh mé duit dar an Tiarna Dia Iosrael á rá: ‘Solamh do mhac a bheidh ina rí i mo dhiaidh agus a shuífidh i mo ríchathaoir i m'áit.’ ”
Ansin thug an rí orduithe do Bhanáiá mac Iahóideá agus ghabh sé amach agus threascair sé Simeí agus fuair sé bás. Agus d'fhág sin an ríocht go daingean i lámha Sholaimh.
Ghlaoigh rí na hÉigipte chuige ar na mná cabhartha dá bhrí sin agus d'fhiafraigh díobh: “Cad chuige daoibh é seo a dhéanamh agus na mic a choimeád beo?”